*Nigh do lámha, a Rufus!*
Wash Your Hands Rufus Storybook. Teach your kids handwashing the Rufus way. The Rufus handwashing programme has been developed with childcare professionals to teach children about good handwashing habits.
Rufus
Anois, tá aithne agat ar Rufus agus ar Bhú, a mhadraIs breá leo a bheith ag spraoi.Agus is maith leo dul ag taisteal go háiteanna salacha. Gach lá téann siad in áit éigin. Is minic a bhíonn siad clúdaithe ó bhun go barr le láib.
“Nigh do lámha, a Rufus," a dúirt Mamaí Mór.
Ach lean Rufus air ag súgradh.
Anois, tá aithne agat ar Rufus agus ar Bhú, amhadra. Is breá leo a bheith ag spraoi. Bhí picnic acu leis an mBéar Breac agus d'ith siadceapairí blasta.Chonaic an Béar Breac go raibh lámhasalacha acu. “Nigh na lámha sin," a dúirt sé.
“Nigh do lámha, a Rufus,"a dúirt an Béar Breac.
Ach lean Rufus air ag ithe.
Anois, tá aithne agat ar Rufus agus ar Bhú, amhadra. Is breá leo a bheith ag súgradh.Bíonn rásaí acu agus téann siad i bhfolach, achtosaíonn Rufus ag cuardach sula mbíonn Bú réidh.Léimeann siad isteach i locháin uisce go dtí gombíonn an bheirt acu fliuch báite.
“Ruf ruf ruf, RufRuf (Nigh do lámha, a Rufus)," a dúirt Bú.
Ach lean Rufus air ag léim.
Anois, tá aithne agat ar Rufus agus ar Bhú, a mhadra. Is breá leo a bheith ag súgradh. Go dtí go mbíonn ar Rufus dul go dtí an leithreas.Nuair a bhíonn ort dul, ní bhíonn aon dul as.Isteach sa leithreas le Rufus.
“Nigh do lámha, a Rufus," a dúirt Dadaí Mór.Ach lean Rufus air ag rith.
Anois, tá aithne agat ar Rufus agus ar Bhú, a mhadra.Is breá leo a bheith ag súgradh. Chuaigh Rufus go dtí an leithreas agus shruthlaigh sé é.Ach níor nigh sé a lámha. Agus bíonn frídíní sa leithreas.
“Nigh do lámha, a Rufus,”a dúirt gach duine leis.
Ach lean Rufus air ag súgradh.Dúirt Mamaí Mhór é,agus Daidí Mór.Uaireanta is fiú éisteacht le daoine fásta.
Dúirt an Béar Breacagus Bú é, freisin.Uaireanta is fiú éisteacht le cairde.
Anois, tá aithne agat ar Rufus agus ar Bhú, amhadra. Is breá leo a bheith ag ní na lámh. Chuir Rufus uisce ar a lámha agus gallúnach.Mharaigh sé sin na frídíní.
Nigh sé a lámha, agus thriomaigh sé iad.Bhí na frídíní imithe.
"Nígí na lámha, a chairde," arsa Rufus.Bhí tuirse air tar éis an lae,
mar sin chuaigh sé a chodladh.
Am scéalaíochta!
Can an t-amhrán ‘Nigh do Lámha’!
Remember to wash the germs away. Wash your hands the Rufus way!
Cliceáil anseo le haghaidh póstaeir dhoirtil, gearrthóga agus físeáin Rufus